to finetune | mion-fheabhsú
to finetune (briathar): mion-fheabhsú
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama atá traenáilte cheana a thraenáil ar shonraí nua.
Sainmhíniú (en): To take a pre-trained machine learning model and train it further on new data.
Tagairtí:
- mion-: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991)*, Ó Dónaill (1977)
- feabhsú: féach ar an téarma 'to optimise / feabhsaigh'
Nótaí Aistriúcháin:
- * Ní luaitear an téarma 'mion-' mar réimír i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin.
- Ní bhítear ag caint ar mion-fheabhsúchán (nach ionann agus mion-fheabhsú) ná ar 'chórais mhion-fheabhsúchán' go minic.
- Is é 'mionchoigeartú' atá ar Téarma.ie ina chomhair seo. Cé go bhfuil bunús leis sin de réir Fhoclóir Uí Dhónaill, is doiléire é mar théarma toisc nach mbíonn coigeartú in úsáid i gcomhthéacs ríomheolaíochta ar bith (fiú ar Téarma.ie, ní luaitear an comhthéacs sin leis). Thairis sin, ní mheastar go bhfuil gá le fréamh nua anseo -- níl i gceist le 'finetuning' ar an leibhéal is bunúsaí ach feabhsú a dhéanamh arís.
- Féach chomh maith ar an téarma 'to optimise / feabhsaigh'.