to optimise | feabhsaigh
to optimise (briathar): feabhsaigh
Sainmhíniú (ga): Samhail ríomhfhoghlama a chur chun cinn trína cuid paraiméadar a nuashonrú. Is ionann feabhsú agus foghlaim ar leibhéal matamaiticiúil.
Sainmhíniú (en): To improve a machine learning model by updating its parameters. At a mathematical level, optimisation is learning.
Tagairtí:
- feabhsaigh: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991)*, Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá an téarma seo ar fáil díreach ó na foclóirí thuas le brí chomhchosúil.
- Tá 'optamaigh' ar Téarma.ie, ach ní léir ón suíomh sin cén fáth nár leor 'feabhsaigh'. Thairis sin, ní bhíonn trácht ar 'optamaigh' mar fhocal i bhfoclóir dúchasach ar bith, agus tá an bhrí cheannann chéanna ag 'feabhsaigh' sa gcomhthéacs seo. Glactar le 'feabhsaigh' seachas le 'optamaigh' mar sin.
- Is é 'feabhsú' (seachas 'feabhsaigh') atá i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin.