signal | comhartha
signal (ainmfhocal): comhartha
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, foinse faisnéise i dtacar sonraí ar féidir í a úsáid go díreach mar chuid fhiúntach den phróiseas ríomhfhoghlama.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the source of information in a data set that can be directly used as a meaningful part of the machine learning process.
Tagairtí:
- comhartha: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Ní luann na foclóirí thuas an focal seo i gcomhthéacs ríomhfhoghlama. An focal is giorra don bhrí atá de dhíth ná comhartha, toisc (de réir Fhoclóir Uí Dhónaill) go bhfuil na bríonna 'indication' agus 'notice, heed' leis. Is é an 'signal' i dtacar sonraí ná an chuid de na sonraí sin atá in-fhoghlamtha (.i. nach bhfuil mar thorann randamach) -- tugann an comhartha treo do cén chaoi ar cheart don tsamhail a bheith ag foghlaim. Glactar leis an téarma 'comhartha' mar sin.
- Féach chomh maith ar an téarma 'noise / torann'.