noise | torann
noise (ainmfhocal): torann
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, an chuid de thacar sonraí atá (i bpáirt nó go hiomlán) randamach, agus nach bhfuil comhartha in-fhoghlamtha inti dá bharr sin.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, the part of a data set that is (partially or fully) random, and that does not contain signal for learning as a result.
Tagairtí:
- torann: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Is i gcomhthéacs fuaime amháin a bhíonn an téarma seo luaite sna foclóirí thuas. Sin ráite, úsáidtear i gcomhthéacsanna comhchosúla é -- mar shampla, an frása 'bodhar ó thorann an tráchta, deaf from the noise of the traffic' i bhFoclóir Uí Dhónaill. Is rud é 'torann' atá in ann cur isteach ar chumas cloiste. Sin díreach cosúil leis an gcaoi a cheileann torann i dtacar sonraí an comhartha in-fhoghlamtha. Gglactar leis an téarma seo mar sin.
- Féach chomh maith ar an téarma 'signal / comhartha'.