semi-supervised | faoi leath-mhaoirseacht
semi-supervised (aidiacht): faoi leath-mhaoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte ar shonraí ionchur a bhfuil na lipéid / luacha aschuir chearta nasctha leo uaireanta, ach ní i gcónaí.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained on input data that is sometimes, but not always, linked to expected output labels / values.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir De Bhaldraithe trí réimír ar leith i gcomhair 'semi-': leath-, breac-, agus scoth-. Sin ráite, ní fheictear ach 'leath-' i gcomhthéacs matamaitice. Thairis sin, is féidir 'leath-' a úsáid ní hamháin chun 'half' a chur in iúl, ach chun 'partial' a chur in iúl chomh maith. Sin an-tábhachtach, toisc gurb in atá i gceist le 'semi-supervised' ná go bhfuil cuid de na sonraí ionchuir gan lipéad / luach aschur (nach ionann ach leathchuid acu go díreach i gcónaí). Toisc go bhfuil ciall le 'leath-' fós sa gcomhthéacs sin, agus toisc é a bheith úsáidte go minic cheana i gcúrsaí matamaitice, glactar leis.
- Féach ar an téarma 'supervised / faoi mhaoirseacht'.
- Féach ar an téarma 'supervision / maoirseacht'.