supervised | faoi mhaoirseacht
supervised (aidiacht): faoi mhaoirseacht
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, traenáilte le sonraí ionchuir agus lena bhfuiltear as súil leis mar aschur (m.sh. íomhánna de chait agus de mhadraí, agus lipéad 'cat' nó 'madra' ar gach uile íomhá ann chun ligean don chóras ríomhfhoghlama a fháil amach an luíonn a aschur féin leis an bhfírinne).
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, trained with input data and with the expected output values (for example, images of cats and dogs, with the label 'cat' or 'dog'' on each image so that the machine learning model can determine if its prediction matches the ground truth).
Tagairtí:
- maoirseacht: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir Uí Dhónaill 'maoirseacht' i gcomhthéacs an-chosúil lena bhfuil de dhíth anseo: 'maoirseacht a dhéanamh ar obair, to supervise work.' Is léir nach ag trácht ar chórais ríomhfhoghlama atá sé, áfach. Cé is moite de sin, más cuí 'maoirseacht' i gcomhthéacs oibre duine, is cosúil gur cuí i gcomhthéacs oibre ríomhaire é chomh maith.
- Tá cúpla roghanna eile ann don téarma seo -- stiúrtha agus riartha. Is léir ó Fhoclóir Uí Dhónaill go bhfuil an briathar 'riar' níos ceangailte le riar dlí / gnóthaí / srl, seachas le maoirseacht de shórt éigin a dhéantar ar obair chóras ríomhfhoghlama. Ina theannta sin, baineann 'stiúir' mar bhriathar le rudaí a dhíriú nó a threorú, seachas le maoirseacht ar obair.
- Níl an téarma seo le fáil ar Téarma.ie i gcomhthéacs ríomhfhoghlama ag uair á chumtha anseo (cé go bhfuil sé ann i gcomhthéacsanna eile ann). Tá idir 'faoi mhaoirseacht' agus 'maoirsithe' ar Téarma.ie. Ní ghlactar le 'maoirsithe' toisc nach bhfuil fianaise ann don fhocal sin i bhfoclóir dúchasach ar bith.
- Féach chomh maith ar an téarma 'supervision / maoirseacht'.