transitive | aistreach
transitive (aidiacht): aistreach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs faisnéise (f) i ngraf eolais, leis an impleacht gur fíor (a,f,c) mar abairt thiarach más fíor (a,f,b) agus (b,f,c).
Sainmhíniú (en): In the context of a predicate (p) in a knowledge graph, implying that the triple (a,p,c) is true if (a,p,b) ang (b,p,c) are true.
Tagairtí:
- aistreach: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977), Williams et al. (2023)
Nótaí Aistriúcháin:
- Téarma díreach ar fáil le brí chomhchosúil. I bhFoclóir De Bhaldraithe luaitear é i gcomhthéacs gramadaí. Toisc mórchuid na dtéarmaí a bhaineann le graif eolais a bheith úsáidte mar analach le gramadach (m.sh. ainmní, faisnéis, agus cuspóir), meastar go gcloíonn an comhthéacs seo go díreach le comhthéacs na ngraf eolais.
- I Stórchiste, tá an téarma seo luaite mar théarma matamaitice.
- Cé go luann Foclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin an téarma seo, is i gcomhthéacs iomlán ar leith atá sé luaite ann.