to run | cuir ar siúl
to run (briathar): cuir ar siúl
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, próiseas a thosú.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, to begin a process.
Tagairtí:
- cuir ar siúl: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)'
- ar siúl: féach ar an téarma 'running / ar siúl'
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá go leor téarmaí eile ar féidir (agus ar ceart) iad a úsáid chomh maith: tosaigh, próiseáil, cuir ar siúl, cuir ar bun, srl. Níl cúis ar bith gan iad sin a úsáid más fearr leat iad. Tugtar sampla amháin thuas ní toisc gurb é is fearr, ach toisc gur rogha mhaith amháin atá ann.
- Tá 'rith' ar Téarma.ie agus, de réir Fhoclóir Uí Dhónaill, is cosúil gur féidir é a úsáid sa gcomhthéacs seo chomh maith. Sin ráite, tá 'cuir ar siúl' luaite thuas toisc go cloíonn sé leis an téarma 'running / ar siúl' (agus toisc nach bhfuil fianaise i bhfoclóir dúchasach ar bith faoi an féidir 'ag rith', nó mar sin, a úsáid).
- Féach chomh maith ar an téarma 'running / ar siúl'.