to instantiate | cruthaigh
to instantiate (briathar): cruthaigh
Sainmhíniú (ga): Cruth a chur ar réad (matamaiticiúil nó ríomhaireachta), go háirithe de réir creatlaí sainmhínithe éigin.
Sainmhíniú (en): To create a (mathematical or computational) object, especially according to a strictly defined framework.
Tagairtí:
- cruthaigh: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Den chuid is mó, is ionann 'instantiation' (mar phróiseas) agus rud a chruthú. Úsáidtear 'cruthaigh' mar sin.
- Toisc gur coincheap ginearálta agus leathan atá i gceist leis an téarma seo, tá sé iomlán ceart go leor focail agus frásaí comhchiallacha a úsáid ina ionad seo, m.sh. cum, cruth a chur ar, srl. ag braith ar an gcomhthéacs.
- Tá 'áscaigh', as an bhfocal 'ásc' ar Téarma.ie -- focal nach bhfuil bunús ar bith leis i bhFoclóir Uí Dhónaill, De Bhaldraithe, ná Uí Dhuinín. Ní ghlactar le 'áscaigh' mar sin.