reasoner | córas réasúnaíochta
reasoner (ainmfhocal): córas réasúnaíochta
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomhfhoghlama, córas a úsáideann rialacha loighce chun fíricí nua a réamhinsint.
Sainmhíniú (en): In the context of machine learning, a system that uses logical rules to predict new facts.
Tagairtí:
- córas: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- réasúnaíocht: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Cé go bhfuil 'réasúnaí' i bhFoclóir De Bhaldraithe mar 'reasoner' is i gcomhthéacs daoine amháin atá an téarma sin luaite. Thairis sin, tá an téarma sin luaite mar leagan den téarma Béarla 'rationalist' i bhFoclóir De Bhaldraithe agus i bhFoclóir Uí Dhónaill -- sainmhíniú nach luíonn leis an úsáid atá de dhíth anseo. Ní ghlactar le 'réasúnaí' mar sin.
- Toisc gur córas ríomhaireachta a bhíonn i gceist i gcónaí le 'reasoner', meastar go bhfuil 'córas réasúnaíochta' soiléir mar théarma. Thairis sin, cloíonn sé le téarmaí eile sa bhFoclóir seo (atá bunaithe chomh maith ar an bhfocal réasúnaíocht).
- Féach chomh maith ar an téarma 'reasoning / réasúnaíocht'.