performance | éifeachtacht (ama, taisc)
performance (ainmfhocal): éifeachtacht (ama, taisc)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs ríomheolaíochta, cé chomh maith is a dhéanann samhail nó próiseas tasc éigin de réir tomhais éigin.
Sainmhíniú (en): In the context of computer science, how well a model or process does some job as measured by some metric.
Tagairtí:
- éifeachtacht: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Téarma díreach ar fáil leis an mbrí chéanna ó na foclóirí thuas.
- De réir na bhfoclóirí thuas, ní dhéanann an Ghaeilge idirdhealú idir éifeachtacht ama (cé chomh sciobtha is a dhéantar tasc éigin) agus éifeachtacht taisc (cé chomh maith is a dhéantar tasc éigin). Tá an fhadhb céanna ag an mBéarla, mar a tharlaíonn. Mar fhreagra air, moltar tuilleadh comhthéacs a thabhairt nuair is gá (.i. trí 'éifeachtacht ama' nó 'éifeachtacht taisc' a úsáid).