output | aschur
output (ainmfhocal): aschur
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a thagann as an bpróiseas céanna agus é críochnaithe.
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is returned from the process at its end.
Tagairtí:
- aschur: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir De Bhaldraithe 'aschur' mar théarma teileachumarsáide -- sin le rá, i gcomhthéacs an-chosúil leis an gcomhthéacs seo. Sin ráite, is cosúil go bhfuil an téarma 'aschur' (i gcomhthéacs teileachumarsáide) ag trácht ar aschur mar choincheap, seachas mar shonraí nó mar réad ríomhaireachta. Mar sin, is dócha gur cirte a rá 'tá dhá uimhir mar aschur ag an bhfeidhm' nó 'tá dhá uimhir aschuir ag an bhfeidhm' seachas '* tá dhá aschur ag an bhfeidhm'.
- Ní léir ó na foclóirí thuas an féidir briathar a dhéanamh as seo (.i. *aschuir). Mar sin, moltar frása le 'aschur' a úsáid nuair atá briathar de dhíth; m.sh. 'rinne an fheidhm dhá uimhir a chur amach (mar aschur)'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'to output / cuir amach'.