motif | móitíf
motif (ainmfhocal): móitíf
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif, patrún struchtúr (go háirithe ceann beag) a fheictear go minic i gcodanna ar leith den ghraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a graph, a structural pattern (especially a small one) that repeats often in different parts of the graph.
Tagairtí:
- móitíf: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir De Bhaldraithe go leor téarmaí ar leith a chuireann 'motif' in iúl i nGaeilge: 'aontréith', 'príomhsmaoineamh', 'bunábhar (scéil)', agus 'móitíf'. (Tá idir 'príomhsmaoineamh' agus 'móitíf' i bhFoclóir Uí Dhónaill.) Níl 'príomhsmaoineamh' ná 'bunábhar (scéil)' oiriúnach do chomhthéacs na ngraf. Cé go mbaineann 'motif' le tréithe de ghraf, bíonn níos mó ná 'motif' amháin i ngach uile ghraf, agus bíonn gach uile 'motif' ath-úsáidte go minic sa ngraf céanna. Ní oireann an réimír 'aon-' leis an gcomhthéacs seo, mar sin. Thairis sin, ní ghlactar le 'tréith' toisc é a bheith ró-leathan mar fhocal -- is iomaí tréithe atá ag graif nach 'motifs' iad. Ar deireadh, is cosúil go dtagann an focal 'móitíf' as an bhfocal Béarla 'motif', agus mar sin is dócha go bhfuil brí chomhchosúil leis (cé nach mbíonn sé sin sainmhínithe sna foclóirí thuas). Glactar le 'móitíf' mar sin.