mean rank (MR) | meán-rang (MR)
mean rank (MR) (ainmfhocal): meán-rang (MR)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs liosta ranganna, meán na ranganna ar fad atá istigh ann.
Sainmhíniú (en): In the context of a ranked list, the mean of all ranks in it.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá an focal 'meán' i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin, ach ní luaitear mar réimír ann é.
- Bheadh ciall le 'rang meánach' chomh maith le meán-rang. Sin ráite, is é 'meán-' a úsáidtear den chuid is mó i dtéarmaí i bhFoclóir Uí Dhónaill (féach ar 'meán-am' / 'meán-saorchonair'). Ní fheictear samplaí d'úsáid 'meánach' i dtéarmaí eolaíochta / matamaitice ann. Glactar le 'meán-rang' mar sin.
- Bíonn 'meánach' aistrithe mar 'mean' agus mar 'median' sna foclóirí thuas -- ach ní luann ach 'mean' le 'meán-' i Stórchiste. Meastar gur léire 'meán-rang' mar sin chomh maith, chun débhrí a sheachaint.
- Féach chomh maith ar an téarma 'mean / meán- nó meánach'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'rank / rang'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'ranked list / liosta ranganna'.