link prediction (LP) | réamhinsint nasc (RN)
link prediction (LP) (ainmfhocal): réamhinsint nasc (RN)
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graif eolais, réamhinsint abairt thriarach nua (nach bhfuil sa ngraf) bunaithe air na habairtí triaracha atá sa ngraf.
Sainmhíniú (en): In the context of a knowledge graph, the act of predicting a new triple (that is not in the graph) based on the triples that are in the graph.
Tagairtí:
- réamhinsint: féach ar an téarma 'prediction / réamhinsint'
- nasc: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luaitear 'nasc' den chuid is mó mar snaidhm ag bhíonn ag coinneáil dhá rud le chéile. Sin ráite, is féidir abairt thriarach a shamhlú mar dhá nód agus ceangal nasctha le chéile (agus is dócha gurb in an áit as a dtagann an téarma Béarla 'link' chomh maith).
- Is é an ginideach iolra (réamhinsint nasc) a úsáidtear anseo toisc gur minice caint a dhéanamh ar réamhinsint roinnt nasc seachas réamhinsint ar nasc amháin. Sin ráite, is é 'réamhinsint naisc' an téarma ceart nuair nach bhfuil ach nasc amháin lena bheith réamhinste.
- Féach chomh maith ar an téarma 'prediction / réamhinsint'.