layer | ciseal
layer (ainmfhocal): ciseal
Sainmhíniú (ga): I líonra néarach, bloc néaróg a bhfuil ionchur agus aschur sainmhínithe dó, agus atá mar chuid in-athúsáidte den líonra néarach iomlán.
Sainmhíniú (en): In a neural network, a block of neurons that have clearly-defined input and output, and that are a building block of the larger neural network.
Tagairtí:
- ciseal: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir Uí Dhónaill mar théarma eolaíochta (sa mbitheolaíocht) é seo. Cé nach ionann sin agus comhthéacs ríomheolaíochta, úsáidtear le brí chomhchosúil é -- 'layer' a scarann dhá chuid de rud (cill, nó codanna de líonra néarach) óna chéile.
- Tá 'sraith' ar Téarma.ie ina chomhair seo, ach níor cheart an téarma sin a úsáid. Tugann sraith le fios go bhfuil liosta nó struchtúr sonraí líneach ann. Ní shin mar atá i líonraí néaracha. Nuair a bhítrear ag trácht ar 'layer' i líonra néarach, in gach uile cás nach mór, bítear ag tráchar ar maitrís seachas ar sraith. Bíonn sé seo fíor i gcomhthéacs 'convolutional layers', 'dense layers', 'attention / transformer layers', agus ar eile. Mar sin, ní bhíonn 'sraith' cruinn ar thaobh na ríomheolaíochta de.
- Móide sin, is fearr ciseal ná maitrís (nó sraith, srl) toisc nach mbíonn chuile 'layer' ina mhaitrís ach an oiread. Meastar gur fearr é mar théarma mar sin.