input | ionchur
input (ainmfhocal): ionchur
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs córais, próisis, nó feidhme, sonraí a chuirtear isteach lena bheith úsáidte chun sprioc éigin a bhaint amach (m.sh. áireamh luach éigin).
Sainmhíniú (en): In the context of a system, process, or function, data that is provided to be used to achieve an end (such as the calculation of a certain value).
Tagairtí:
- ionchur: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir De Bhaldraithe 'ionchur' mar théarma teileachumarsáide -- sin le rá, i gcomhthéacs an-chosúil leis an gcomhthéacs seo. Sin ráite, is cosúil go bhfuil an téarma 'ionchur' (i gcomhthéacs teileachumarsáide) ag trácht ar ionchur mar choincheap, seachas mar shonraí nó mar réad ríomhaireachta. Mar sin, is dócha gur cirte a rá 'tá dhá uimhir mar ionchur ag an bhfeidhm' nó 'tá dhá uimhir ionchuir ag an bhfeidhm' seachas '* tá dhá ionchur ag an bhfeidhm'.
- Ní léir ó na Foclóirí thuas an féidir briathar a dhéanamh as seo (.i. *ionchuir). Mar sin, moltar frása le 'ionchur' a úsáid nuair atá briathar de dhíth; m.sh. 'tógann an fheidhm dhá uimhir isteach (mar ionchur)'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'to input / cuir isteach'.