hyperparameter combination | teaglaim hipear-pharaiméadar
hyperparameter combination (ainmfhocal): teaglaim hipear-pharaiméadar
Sainmhíniú (ga): Tacar amháin (as iliomad tacar eile) luachanna hipear-pharaiméadar ar féidir iad a úsáid chun samhail ríomhfhoghlama shainmhíniú.
Sainmhíniú (en): A set (out of many possible sets) of all hyperparameter values needed to fully define a machine learning model.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Luann Foclóir Uí Dhónaill 'teaglaim' mar théarma matamaitice -- is cosúil gurb in atá i gceist acu leis sin ná matamaitic theaglamach (.i. teaglamaí agus iomalartuithe). Sin ráite, luaitear 'teaglaim' leis an mbrí 'collection, gathering, compilation' chomh maith (féach ar Fhoclóir Uí Dhónaill, mar shampla). Luíonn an dá bhrí seo lena bhfuil i gceist. Is minic agus teaglaim hipear-pharaiméadar déanta trí sampla a thógáil ó eangach hipear-pharaiméadar -- sa gcaoi sin, is teaglaim litriúil (i gcomhthéacs matamaitice teaglamaí) í. Agus is cnuasach hipear-pharaiméadar í chomh maith -- brí a luíonn le húsáid an fhocail teaglaim chun cur síos a dhéanamh ar 'collection, gathering, compilation'. Glactar leis an téarma seo mar sin.
- Féach chomh maith ar an téarma 'hyperparameter / hipear-pharaiméadar'.