ground truth | bun-fhírinneach
ground truth (aidiacht): bun-fhírinneach
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs sonraí a úsáidtear i gcomhair ríomhfhoghlama, fíor agus ar fáil lena bheith úsáidte le linn traenála, teisteála, nó deimhnithe mar shampla den aschur ceart.
Sainmhíniú (en): In the context of data for machine learning, true and available to be used during training, testing, or validation as an example of correct output.
Tagairtí:
- bun-: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
- fírinneach: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Is minic agus 'bun-' úsáidte mar réimír ar ainmfhocail. Sin ráite, is léir ó Fhoclóir Uí Dhónaill gur féidir é a úsáid mar réimír ar aidiachtaí chomh maith -- féach ar 'bun-ard' mar shampla.
- Is minic gur féidir 'fírinneach' a úsáid in áit 'bun-fírinneach' -- óir bíonn an bhun-fhírinne mar chuid den fhírinne i gcónaí, cé nach mbíonn an fhírinne ar fad mar chuid den bhun-fhírinne i gcónaí.
- Féach chomh maith ar an téarma 'ground truth (data) / bun-fhírinne'.