feature | airí
feature (ainmfhocal): airí
Sainmhíniú (ga): Ionchur amháin ar shamhail ríomhfhoghlama, nó cuid uimhriúil den tsamhail chéanna, a sheasann do shonra nithiúil nó folaigh den tacar sonraí atá á fhoghlaim.
Sainmhíniú (en): A single input to, or numerical element of, a machine learning model that represents a concrete or latent element of the dataset being learned.
Tagairtí:
- airí: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Ní mar théarma eolaíochta atá 'airí' luaite i gceann ar bith de na foclóirí thuas. Sin ráite, meastar ó shamplaí atá le fáil ann go gcuireann 'airí' an bhrí cheart in iúl agus é á úsáid i gcomhthéacs eolaíochta.
- Tá réimse leathan focal eile (.i. tréith, gné, srl) a bheadh inúsáidte sa gcomhthéacs seo (agus is é 'gné' atá ar Téarma.ie). Cé is moite de sin, is minice a úsáidtear iad sin i gcomhthéacs duine, seachas i gcomhthéacs eolaíochta, de réir a bhfuil le feiceáil sna foclóirí thuas .