estimate | meastachán
estimate (ainmfhocal): meastachán
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, luach a dhéanann cur síos cainníochtúil ar fheiniméan éigin, gan a bheith iomlán cruinn.
Sainmhíniú (en): In a mathematical context, a value that gives a quantitative description of some phenomenon, but which may not be entirely exact.
Tagairtí:
- meastachán: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Téarma ar fáil mar téarma airgeadais / matamaitice ó na foclóirí thuas.
- Is féidir 'tomhas' a úsáid chomh maith (go háirithe sa gcaint) chun brí chomhchosúil leis seo a chur in iúl. Cé is moite de sin, roghnaíodh 'meastachán' mar théarma dó seo chun idirdhealú léir a dhéanamh idir 'metric / tomhas' agus '*estimate / tomhas'. Ar leibhéal neamh-fhoirmeálta, tá sé ceart go leor tomhas a úsáid leis an mbrí sin nuair is léir ón gcomhthéacs cén bhrí atá i gceist leis.
- Nuair is meastachán míchruinn (nach ionann agus mícheart) atá i gceist, moltar an téarma 'garmheastachán' (de réir Fhoclóir Uí Dhónaill agus Fhoclóir De Bhaldraithe).
- Tá an téarma seo comhchiallach leis an téarma 'approximation / meastachán' sa gcomhthéacs matamaitice / ríomheolaíochta atá i gceist anseo.
- Féach chomh maith ar an téarma 'approximation / meastachán'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'metric / tomhas'.