entity | aonad
entity (ainmfhocal): aonad
Sainmhíniú (ga): Coincheap nó réad amháin, go háirithe agus é samhlaithe mar nód i ngraf eolais, mar shonra i mbunachar sonraí, nó mar ainm i dtéacs scríofa go nádúrtha.
Sainmhíniú (en): A single concept or object, especially when represented by a node in a knowledge graph, a data point in a database, or a name in a natural language text.
Tagairtí:
- aonad: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Roghnaíodh 'aonad' seachas 'aonán' toisc brí níos leithne a bheith i gceist leis. Feictear i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin gurb ionann aonad agus 'rud amháin ann féin' -- a bhrí díreach atá de dhíth. Ní shin mar a bhíonn le 'aonán', áfach -- bíonn an téarma sin luaite i bhFoclóir Uí Dhónaill agus i bhFoclóir De Bhaldraithe mar théarma bitheolaíochta; sin le rá, déanann sé trácht ar aonán beo (amháin). Cinntear 'aonad' a úsáid mar sin.
- I gcomhthéacs graf eolais, más é nód i ngraf atá i gceist, is dócha gur léire 'nód' a úsáid seachas 'aonad'. Más é an coincheap taobh thiar den nód atá i gceist, áfach, bheadh an-chúis ann an focal 'aonad' a úsáid.