domain | fearann
domain (ainmfhocal): fearann
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs matamaitice, tacar luacha ar féidir iad a úsáid mar ionchur ar fheidhm éigin. I gcomhthéacs faisnéise i ngraf eolais, tacar nód ar féidir leo bheith mar ainmnithe in abairtí triaracha leis an bhfaisnéis sin.
Sainmhíniú (en): In the context of mathematics, the set of values that can be input into some function. In the context of a predicate in a knowledge graph, the set of nodes that can be used as subjects in triples with that predicate.
Tagairtí:
- fearann: De Bhaldraithe (1978)*, Williams et al. (2023)
Nótaí Aistriúcháin:
- Téarma díreach ar fáil ó Stórchiste leis an mbrí chéanna i gcomhthéacs matamaitice.
- * Cé go bhfuil an téarma seo i bhFoclóir De Bhaldraithe, ní luaitear comhthéacs ar bith leis, agus níl sé cinnte mar sin an raibh brí mhatamaiticiúil i gceist ann nó nach raibh.
- Cé go bhfuil an focal seo i bhFoclóir Uí Dhónaill, i bhFoclóir Uí Dhónaill agus Uí Mhaoileoin, agus i bhFoclóir Uí Dhuinín, is mar limistéar talún seachas mar thacar luacha matamaitice a bhíonn sé luaite iontu.