deep learning | foghlaim dhomhain
deep learning (ainmfhocal): foghlaim dhomhain
Sainmhíniú (ga): Cur chuige ríomhfhoghlama a úsáideann líonraí néaracha móra (a bhfuil an-chuid ciseal iontu).
Sainmhíniú (en): A machine learning approach that uses large neural networks (with many layers).
Tagairtí:
- foghlaim: féach ar an téarma 'machine learning / ríomhfhoghlaim'
- domhain: De Bhaldraithe (1978), Dineen (1934), Ó Dónaill et al. (1991), Ó Dónaill (1977), Williams et al. (2023)
Nótaí Aistriúcháin:
- Tá 'domhainfhoghlaim' ar Téarma.ie. Bíonn úsáid 'domhain' mar réimír le feiceáil i bhFoclóir Uí Dhónaill in dá théarma ar leith -- 'domhainmhachnamh' agus 'domhainiascaireacht' -- rud a chuireann le fios go bhfuil an úsáid sin inghlactha. Sin ráite, cé go bhfuil an-chuid samplaí d'úsáid an téarma 'domhain' mar aidiacht, níl sé le feiceáil mar réimír ach go hannamh (sa dá fhocal luaite cheana). Meastar go mbeadh 'foghlaim dhomhain' níos léire ó thús deireadh toisc nach mbíonn an cleachtadh ann i nGaeilge réimíreanna a úsáid in ainneoin aidiachtaí ach go hannamh.
- Féach chomh maith ar an téarma 'machine learning / ríomhfhoghlaim'.