consequent | iarmhairt
consequent (ainmfhocal): iarmhairt
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs rialach loighce A -> B, an téarma B atá mar chuid dheireanach den riail.
Sainmhíniú (en): In the context of a logical rule A -> B, the term B that is the ending part of the rule.
Tagairtí:
- iarmhairt: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Téarma díreach ar fáil mar théarma loighce ó Fhoclóir De Bhaldraithe agus ó Fhoclóir Uí Dhónaill. Is é 'iarmairt' seachas 'iarmhairt' atá luaite i bhFoclóir De Bhaldraithe, ach luann Foclóir Uí Dhónaill gur leagan eile den fhocal céanna atá ann. Glactar leis an téarma atá i bhFoclóir Uí Dhónaill toisc gur nua é mar fhoclóir.
- Luann Foclóir De Bhaldraithe (agus Foclóir Uí Dhónaill) trí théarma a chuireann 'consequent' in iúl: iarthéarma, iarmhairt, agus iarbheart. Cé go nglactar le 'réamhthéarma' mar 'antecedent', is léir ón dá fhoclóir anseo nár cheart glacadh le 'iarthéarma' -- is focal matamaitice amháin é sin dar leo araon, a dhéanann cur síos ar an dara uimhir i gcóimheas (.i. an b in a:b). Bíonn idir 'iarmhairt'' agus iarbheart' luaite mar théarmaí loighce, ach glactar le 'iarmhairt' toisc gurb in atá i bhfoinsí eile (.i. Téarma.ie). Toisc nach bhfuil difríocht ar bith idir 'iarmhairt' agus 'iarbheart' sna foclóirí dúchasacha, meastar nach bhfuil cúis ar bith gan glacadh leis an téarma a bhfuil an úsáid is mó bainte as.