batch | baisc
batch (ainmfhocal): baisc
Sainmhíniú (ga): Tacar sonraí tógtha as an tacar traenála a thugtar do shamhail ríomhfhoghlama agus í ag foghlaim (.i. le linn an phróisis traenála). Uaireanta, úsáidtear fo-thacar de thacar teisteála / deimhnithe le linn an phróisis teisteála / deimhnithe chomh maith.
Sainmhíniú (en): A set of data points taken from the training set that is given to a machine learning model as it is learning (i.e. as a part of the training process). Sometimes, batches of the testing and validation sets are used during testing and validation as well.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Is é 'baisc' atá ar Téarma.ie ina chomhair seo. Tá an téarma sin le feiceáil i bhFoclóir Uí Dhónaill le brí chomhchiallach. Cé go mbeadh ciall le go leor téarmaí eile, glactar leis sin toisc go bhfuil fianise ann dó i bhFoclóir Uí Dhónaill agus toisc go bhfuil sé in úsáid cheana ar Téarma.ie.
- Is ionann baisc agus fo-thacar den tacar traenála, teisteála, nó deimhnithe. Mar sin, bheadh sé ceart go leor 'fo-thacar den tacar traenála' (srl) a rá go litriúil -- ach moltar 'baisc' toisc go bhfuil sé níos léire go ginearálta.