activation function | feidhm ghníomhachtaithe
activation function (ainmfhocal): feidhm ghníomhachtaithe
Sainmhíniú (ga): Feidhm neamh-líneach, m.sh.
softmax nó
ReLU, a úsáidtear idir chisil i líonra néarach.
Sainmhíniú (en): A non-linear function, such as softmax or ReLU, that is used between layers in a neural network.
Tagairtí:
- feidhm: féach ar an téarma 'function / feidhm'
- ghníomhachtaigh: De Bhaldraithe (1978), Ó Dónaill (1977)
Nótaí Aistriúcháin:
- Úsáidtear 'gníomhachtaithe' le cúis mhaith -- is éard a dhéanann feidhm ghníomhachtaithe ná ligean do líonra néarach níos mó ná ciseal amháin a bheith aige. Gan í, ní bheifí in ann ach ciseal amháin a úsáid i gcaoi fhiúntach ar leibhéal matamaiticiúil. Sin é rá, bíonn cisil eile gníomhachtaithe ag an bhfeidhm ghníomhachtaithe.
- Is é 'gníomhachtaigh' atá ar Téarma.ie chomh maith.
- Féach ar an téarma 'function / feidhm'.