Open World Assumption | Foshuíomh an Domhain Oscailte
Open World Assumption (ainmfhocal): Foshuíomh an Domhain Oscailte
Sainmhíniú (ga): I gcomhthéacs graf eolais, an foshuíomh a deir go bhfuil líon mór fíricí i réimse graif eolais nach bhfuil sa ngraf eolais toisc go bhfuil i bhfad níos mó fíricí sa domhan nach bhfuil tuiscint againn fós orthu.
Sainmhíniú (en): In the context of knowledge graphs, the assumption that says that there are many facts in the domain of a knowledge graph which are not in the knowledge graph because most facts about the world remain undiscovered.
Tagairtí:
Nótaí Aistriúcháin:
- Is é 'oscailt' seachas 'oscail' atá i bhFoclóir Uí Dhuinín agus Uí Mhaoileoin.
- Is é 'foscail' seachas 'oscail' atá i bhFoclóir Uí Dhuinín, ach glactar leis gurb in an focal céanna.
- Bheadh ciall éigin ag dul le 'Foshuíomh an Eolais Oscailte' nó 'Foshuíomh na bhFíricí Oscailte', ach tá fadhb leo siúd -- ní hé go mbíonn na fíricí / an t-eolas oscailte, ach go mbíonn líon na bhfíricí ar fad (nó, 'domhan' na bhfíricí) oscailte.
- Féach chomh maith ar an téarma 'assumption / foshuíomh'.
- Féach chomh maith ar an téarma 'world / domhan'.